Gaelcholáiste Mhaigh Nuad

Fáilte ón bPríomhoide-Principals Welcome

Fáilte romhat chuig Gaelcholáiste Mhaigh Nuad agus suíomh idirlín an Choláiste. D'oscail Gaelcholáiste Mhaigh Nuad sa bhliain 2020 chun oideachas trí Ghaeilge a sholáthar do scoláirí. Is tumoideachas san iomlán atá i gceist san oideachas a chuirfear ar fáil sa Ghaelcholáiste le béim ar an gcultúr, teanga agus oidhreacht Ghaelach agus gach a bhaineann léi i sochaí ilchultúrtha.

Tá sé mar aidhm againn scoláirí a fhorbairt chun tabhairt faoin saol agus na dúshláin a théann léi. Go mbeidh sé ar a gcumas barr feabhais a bhaint amach i dtimpeallacht taitneamhach shábháilte

Tá súil agam, le himeacht ama go mbeidh an suíomh seo ag léiriú an fháis agus forbartha atá beartaithe don Ghaelcholáiste. Bainfear úsáid as an suíomh chun cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal taobh istigh agus taobh amuigh den Choláiste – maidir le h-imeachtaí scoile, nuacht scoile, gnéithe acadúla agus imeachtaí eischuraclaim ina measc.

Is de réir a chéile a thógtar na caisleáin

Beal 21
2026
Oíche cheiliúrtha Bl4
Beal 26
2026
Scrúduithe an tSamhraidh - Bliain 1/2/4/5, Ranganna Bliain 3/6
Beal 29
2026
Laethanta saoire an tSamhraidh - scoil ag dúnamh ag 11:30
Meith 03
2026
Scrúduithe Stáít ag tosú
29-Feabh-2024
Nuacht, imeachtaí agus fógraí - News, events and notices
© 2026 Gaelcholáiste Mhaigh Nuad